Scéim Bhonneagair Áineasa Faoin Aer (SBÁFA/ORIS)
- Naisc ábhartha eile
- CLÁR
- Ciste Aitheanta Pobail
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024
- An Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha
- An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile
- Scéim Bhonneagair Áineasa Faoin Aer (SBÁFA/ORIS)
Scéim Bhonneagair Áineasa Faoin Aer (SBÁFA/ORIS)
Soláthrófar an Scéime trí cheithre Bheart mar a leagtar amach thíos. Athraíonn leibhéal maoinithe, scála tionscadail agus iarratasóirí faoi gach Beart.
Beart 1: Deisiú/Forbairt/Fógraíocht agus Margaíocht ar Mhionscála
Méid Deontais: Suas le €40,000
Gníomhaíochtaí Incháilithe: Tionscadail ar mhionscála atá i gcomhréir le cuspóirí agus fócas na Scéime. Áirítear leis seo, ach níl sé teoranta do, chothabháil, deisiú agus forbairt conairí, cosán, bealaí rochtana sléibhe, rotharbhealaí, gormbhealaí, áiseanna caithimh aimsire ag portaigh, aibhneacha, lochanna agus tránna, limistéar súgartha nádúrtha atá mar chuid de thionscadail caithimh aimsire lasmuigh níos mó agus cur chun cinn agus margaíocht an bhonneagair sin. Ba cheart do thionscail, nuair is féidir, léiriú cén chaoi a bhfuil siad cuimsitheach i dtaobh daoine faoi mhíchumais agus daoine níos sine de.
Iarratasóirí Incháilithe: Údaráis áitiúla, comhlachtaí forbartha áitiúla
Beart 2: Deisiú/Feabhsú ar Mheánscála agus Forbairt Conaire/Conláiste Nua
Méideanna Deontais: Suas le €200,000
Gníomhaíocht Incháilithe: Tionscadail meánscála atá i gcomhréir le cuspóirí agus fócas na scéime. Tionscadail mheánscála, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, forbairt ar bhonneagar áineasa nua, síntí/uasghráduithe ar chonairí bunaithe cheana féin, cosáin, bealaí rochtana sléibhe, rotharbhealaí, gormbhealaí, cosáin uisce nó rothar nó saoráidí áineasa eile ag portaigh, aibhneacha, lochanna nó tránna. Féadfaidh oibreacha do dheisiú, cothabháil agus cur chun cinn an bhonneagair sin a mar chuid de thionscadail.
Iarratasóirí Incháilithe: Údaráis áitiúla, comhlachtaí forbartha áitiúla agus comhlachtaí stáit.
Beart 3: Deisiúchán/Uasghrádú Straitéiseach ar Mhórscála agus Forbairt Conaire/Conláiste Straitéiseach Nua
Méideanna deontais: Suas le €500,000
Gníomhaíocht Incháilithe: Tionscadail mhórscála atá i gcomhréir le cuspóirí agus fócas na Scéime. Lena n-áirítear, ach gach a bheith teoranta do, fhorbairt ar bhonneagar áineasa níos mó agus nua, comh maith le sínithe/feabhsúcháin shuntasacha ar chonairí, siúláin, bealaí rochtana sléibhe, rotharbhealaí, gormbhealaí, conairí uisce nó rothair nó saoráidí áineasa eile ag portaigh, aibhneacha, locha nó tránna.
Sa bhreis ar ailíniú le Téigh Amach Faoin Aer, ba bheart do tionscadail, nuair is infheidhme, nascálacha le tionscadail, beartas nó pleananna réigiúnacha agus náisiúnta e.g. Pleananna Forbartha Eispéireas Ceann Scríbe agus Pleananna Áineasa Faon Aer an Chontae.
Iarratasóirí Incháilithe: Údaráis áitiúla agus comhlachtaí Stáit
Beart Forbartha an Tionscadail: Costais Forbartha do Thionscadail Straitéiseacha ar Mhórscála
Méideanna deontais: Suas le €50,000
Gníomhaíocht Incháilithe: Soláthróidh an Beart seo tuilleadh maoinithe do fhorbairt sonraithe tionscadal, rud a chumasóidh caighdeán a bhaint amach d’iarratas faoi Bheart 2 nó 3 d’SBÁFA. Féadfaidh dearadh sonraithe, ullmhú do phleanáil agus/nó soláthar, measúnacht chuí, suirbhéanna éiceolaíochta etc. a bheith mar chuid den obair sin.
Ba cheart do chuspóir ginearálta le hinfheistiú faoin mBeart seo a bheith do fhorbairt tionscadal atá ar scála a d’fhéadfaidh a mhaoiniú faoi iarratas Bheart 2 nó Bheart 3 sa todhchaí, nó a fhorbairt i ndá chéim faoin mBeart sin i.e. tionscadail le costais sholáthar a bhfuiltear ag súil le bheith faoi €1 mhiliún (atá i gcomhréir le cuspóirí agus fócas na Scéime seo).
Ní dheimhníonn ceadú iarratais faoin mBeart Forbartha Tionscadail seo ceadú maoinithe do sholáthar an tionscadail ina dhiaidh. Tá gach iarratas tionscadail faoi réir phróisis iarratais iomaíoch faoi ghlaonna sa todhchaí, beag beann ar aon mhaoiniú a tugadh sa chaite.
Iarratasóirí Incháilithe: Údaráis áitiúla, comhlachtaí forbartha áitiúla agus comhlachtaí stáit.
Déan teagmháil linn le do thoil, roimh na foirm iarratais seo a tosnú:
Beart 1 - Scéim Bhonneagair Áineasa Faoin Aer (SBÁFA/ORIS)
Beart 2 & 3 - Scéim Bhonneagair Áineasa Faoin Aer (SBÁFA/ORIS)
Beart Forbartha an Tionscadail - Foirm Iarratais
Scéim Bhonneagair Áineasa faoin Aer 2024/25 Leagan Amach na Scéime
Tá eolais anseo faoi Áiteanna nádúra faoi chosaint: https://www.npws.ie/protected-sites/sac
Tá tuilleadh eolias le fáil anseo: outdoorrecreation@galwaycoco.ie / 091 509 578
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte